|
Bhonn John Hooper maidir le Staitisticí 2012 |
|
|
|
|
COMÓRTAS PÓSTAER 2012 FÓGARTHA! D'fhógair an tAire Sean Sherlock agus an Lár-oifig Staidrimh comórtas Bhonn John Hooper maidir le Staitisticí 2012. Iarrtar sa chomórtas seo ar dhaltaí póstaer a chruthú ina n-úsáidtear staitisticí d’fhonn cur síos a dhéanamh ar an ngnáthshaol laethúil nó ciall a dhéanamh de. Thig le daltaí airgead a bhuachan dá scoil agus dóibh féin agus bronntar an bonn airgid John Hooper álainn lámhdhéanta ar an bhfoireann a bhuann. Tuilleadh sonraí >> |
|
|
Ceistneoir Chéim 11 (2011/2012) |
|
|
|
Tá ceistneoir Chéim 11 beo anois! I gceistneoir Chéim 11, tá roinnt ceisteanna ann ina ndírítear ar spórt mar an téama i mbliana, le comhtharlú leis na Cluichí Oilimpeacha a bheith á n-óstáil i Londan in 2012, tá spórt. Áirítear roinnt ceisteanna breise i gCéim 11 fosta le cuidiú leat do shláinte a thagarmharcáil le ceisteanna ar shos a ghlacadh: ráta frithbhuailte, aclaíocht agus nósanna ithe agus codlata. An-éagsúil! |
|
Tuilleadh...
|
|
Tá na torthaí ó shuirbhé 2010/2011 ar fáil anois agus tá siad iontach. Chomhlánaigh os cionn 10,000 duine óg i scoileanna Éireannacha ceistneoir Chéim 10 idir mí Mheán Fómhair 2010 agus mí Lúnasa 2011. Léigh na torthaí thíos leis na scéalta a insítear sna sonraí a fheiceáil. Nóta: D'fhoilsigh an Lár-oifig Staidrimh (CSO) eisiúint speisialta de na buaicphointí ón na torthaí seo an 20/10/2011. |
|
Tuilleadh...
|
|
Tionscadal Mata & CensusAtSchool |
|
|
|
|
Tá roinnt Pleananna Teagaisc agus Foghlama ag foireann Tionascadail Mhatamaitice do mhúinteoirí atá ag obair ar Shnáithe 1 den siollabas, Staitisticí agus Dóchúlacht. D'fhéadfadh an rannán "ábhair bhreise" a bheith úsáideach ag na múinteoirí sin a úsáideann na ceistneoirí CensusAtSchool le sonraí a fhiosrú.
|
|
Sonraí Logála Isteach Dearmadta Agat? |
|
|
|
|
A MHÚINTEOIRÍ – Má tá tú cláraithe linn cheana féin, ach go bhfuil d’ainm úsáideora agus do phasfhocal dearmadta agat, is féidir iad a sheoladh chugat arís.
Is féidir ár leathanach Sonraí Dearmadta? a úsáid freisin le seiceáil an bhfuil tú cláraithe linn. Má tá do sheoladh ríomhphoist aitheanta, seolfar do chuid sonraí chugat arís go huathoibríoch. Mura bhfuil do sheoladh ríomhphoist inár gcóras, léiríonn sé sin (1) go bhfuil tú cláraithe linn ach sholáthair tú seoladh éagsúil ríomhphoist nó (2) nach bhfuil tú cláraithe fós. |
|
Tuilleadh...
|
|
|