Baile Maidir Linne Stair An C@S
Stair Thionscadal Idirnáisiúnta CensusAtSchool atá bunaithe sa RA PDF Priontáil R-Phost

Thionscain an Royal Statistical Society Centre for Statistical Education (RSSCSE) tionscadal CensusAtSchool in 2000


i gcomhar le National Statistics Office na RA. Ba thionscadal aonuaire é ar dtús a bhí nasctha le daonáireamh 2001 na RA. Anois is tionscnamh dinimiciúil, leanúnach, spreagúil é atá ar siúl i roinnt tíortha éagsúla. Tá sé mar aidhm aige:

  • Daltaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh i mbailiú sonraí fúthu féin, agus feabhas a chur ar thuiscint ar phróiseas bailithe sonraí, an cuspóir leis agus na tairbhí a bhaineann an tsochaí as;
  • Dearcadh dearfach i ndáil le staitisticí a chur chun cinn trí fhíor-shonraí a bhfuil spéis ag daltaí iontu a úsáid;
  • Feabhas a chur ar an bpróiseas fiosrúcháin staitistiúil ar fud an churaclaim;
  • Teagasc agus foghlaim éifeachtúil a bhaineann le Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (ICT) a chur chun cinn, lena n-áirítear úsáid a bhaint as an Idirlíon;
  • Rochtain a thabhairt ar thacair shonraí mhóra, lánbhrí;
  • Comparáid a dhéanamh idir freagraí daltaí ó thíortha éagsúla.


Ó 2000 i leith tá roinnt tíortha eile tar éis páirt a ghlacadh sa tionscadal, le coigeartuithe riachtanacha chun cultúr agus traidisiúin áitiúla a léiriú. Áirítear orthu sin: an Astráil, an Afraic Theas, an Nua-Shéalainn, Ceanada agus anois, in 2009, Éire. In 2007 bunaíodh Coiste Idirnáisiúnta agus chuimsigh ceistneoir Chéim 8 11 cheist idirnáisiúnta a cuireadh san áireamh i gceistneoirí na gcúig thír phríomhúla. Cumasaíonn sé sin comparáidí níos dlúithe, níos bailí idir leanaí a ghlacann páirt i CensusAtSchool. Reáchtáladh dhá cheardlann Idirnáisiúnta cheana féin, in Melbourne na hAstráile in 2007 agus in Los Angeles, SAM in 2008, agus beartaítear tríú ceardlann a reáchtáil in Durban na hAfraice Theas in 2009. Tabhair cuairt ar láithreáin ghréasáin na dtíortha rannpháirteacha agus féach ar a dtionscadail agus ar na hidéanna agus acmhainní curaclaim iontacha a chuir siad ar fáil.

Tá breis agus milliún freagra sa bhunachar sonraí domhanda agus is féidir é a shampláil trí mheán an Idirlín d'fhonn é a úsáid chun ábhair teagaisc agus foghlama a chruthú. Cuireann sé ar chumas múinteoirí agus daltaí ar fud an domhain feabhas a chur ar a scileanna láimhseála sonraí, rud a chuirfidh feabhas ar litearthacht agus ar smaointeoireacht staitistiúil.  Cabhraíonn rannpháirteachas tíortha éagsúla go mór leis an bhféidearthacht faisnéis a mhalartú idir leanaí ag aois scoile agus tugann sé deis uathúil dúinn athruithe domhanda, sóisialta agus eile a mheasúnú. Tairbhe eile a bhaineann leis ná go gcuireann sé deiseanna ICT ar fáil agus go bhfuil sé spreagúil do mhúinteoirí agus do leanaí araon.

Ar an láithreán gréasáin www.censusatschool.com tugtar rochtain ar na hacmhainní uile agus ar láithreán gréasáin CensusAtSchool gach tíre. Caith súil air agus glac páirt ann. Tá an tionscadal go hiomlán saor in aisce do Scoileanna Éireannacha agus tugann sé deis duit eispéireas uathúil, éagsúil a thabhairt do do dhaltaí.

 

Sponsors

Meirge
Meirge
Meirge
Meirge

Valid XHTML 1.0 Strict Valid CSS!