| Cóipcheart agus ceadanna |
|
|
|
|
Tabharfaidh an t-alt seo freagra ar cheisteanna a bhaineann le cóipcheart, úinéireacht agus úsáidí ceadaithe CensusAtSchool agus acmhainní bainteacha. An bhfuil cead agam é a chóipeáil? Múinteoirí agus Daltaí Féadfaidh tú gach ábhar ar láithreán gréasáin CensusAtSchool a fhótachóipeáil nó a atáirgeadh go leictreonach chun é a úsáid i do sheomra ranga. Coinneoidh aon chóip de na hábhair seo gach cóipcheart ar an modh céanna agus san fhoirm chéanna agus a bhí sé ar an mbunleagan, agus cuimseoidh sí an URL iomlán www.censusatschool.ie, mar is cuí. I dteannta sin, féadfaidh múinteoirí an t-ábhar a chur in eagar nó a athdhréachtú, téacs nó táblaí a úsáid, sleachta a úsáid agus/nó míreanna foclóra a úsáid. I gcásanna mar sin, ní mór "Oiriúnaithe ó" a chur in iúl mar is cuí. Ní mór foinse na sonraí a ghineann an roghnóir sonraí randamacha nó a thógtar ó tháblaí agus ó ghraif a aithint i ngach cáipéis agus cumarsáid, lena n-áirítear ar láithreáin Idirlín, tríd an lua seo a leanas faoin bhfoinse a chur ar fáil: "Foinse (nó "Oiriúnaithe ó", más cuí): CensusAtSchool, www.censusatschool.ie, agus dáta asbhainte" nó i gcás abhair a bhaineann leis an tionscadal ar bhealach níos ginearálta "Foinse (nó "Oiriúnaithe ó", más cuí): An tionscadal CensusAtSchool arna reáchtáil ag an Royal Statistical Society Centre for Statistical Education" Institiúidí Oideachais Eile (Comhairleoirí, Boird Scrúduithe, etc) Má theastaíonn uait ábhar ó CensusAtSchool a chuimsiú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh linn chun cead a fháil é a atáirgeadh. De ghnáth, tabharfar an cead sin duit má tá aidhm oideachasúil agat agus má tá tú sásta aitheantas a thabhairt dúinn mar an fhoinse. Úsáid Tráchtála Ní cheadaítear ábhar CensusAtSchool a úsáid in aon fhoilseachán/acmhainn ach amháin má fhaightear cead foirmiúil i scríbhinn. Forchoimeádann CensusAtSchool an ceart athbhreithniú a dhéanamh ar chuimsiú aon ábhair sula bhfoilsítear é. Déan teagmháil linn le mionsonraí iomlána, soiléire faoi chuspóir na húsáide. Cuimsíonn an cóipcheart na sonraí uile ar fáil ón láithreán gréasáin. |






