|
|
| Conas a dhéantar an bacaire míreanna aníos a dhíchumasú do CensusAtSchool? |
| |
| Féadann bacaire míreanna aníos Microsoft Internet Explorer cur isteach ar íoslódáil comhad ón láithreán seo. Má iarrann tú comhad ach ní thosaíonn an íoslódáil: |
| |
| Fair amach do Bharra Faisnéise Microsoft Internet Explorer (féach Fíor 1) ag barr d'fhuinneoige brabhsálaí. |
| |
| Cliceáil ar an mBarra Faisnéise agus ansin cliceáil ar Ceadaigh míreanna aníos go sealadach sa roghchlár (féach Fíor 2) chun míreanna aníos a cheadú don seisiún reatha. Ina mhalairt dá chás, cliceáil ar Ceadaigh míreanna aníos ón suíomh seo i gcónaí... chun míreanna aníos ar an láithreán gréasáin seo a cheadú go buan. |
| |
| Modh malartach |
| |
| B'fhéidir nach bhfuil Microsoft Internet Explorer in úsáid agat agus b'fhéidir nach bhfeiceann tú an Barra Faisnéise ná an roghchlár lena mbaineann. I bhformhór na mbrabhsálaithe feicfidh tú rud éigin cosúil leis an mBarra Faisnéise a chuirfidh ar do chumas míreanna aníos a cheadú don láithreán gréasáin seo nuair a chliceáiltear air. Mura bhfeiceann tú aon rud atá cosúil leis an mBarra Faisnéise léirithe thuas, déan teagmháil le teicneoir tacaíochta do scoile, le do thoil. |