Baile Faigh Sonraí Torthaí Céim 4 (03/04)
Céim 4 (03/04) PDF Priontáil R-Phost
Ghlac leanaí sa RA páirt i suirbhé Chéim 4 sa bhliain acadúil 2003/4. Ghlac breis agus 17,000 dalta páirt i gCéim 4 go dtí seo, le 52% baineann agus 48% fireann. Bhí formhór na ndaltaí a chomhlánaigh an ceistneoir idir aois 11 agus 14 (Príomhchéim 3).

I gCéim 1 (2000-2001) d'iarramar ar dhaltaí an raibh fón póca acu nó nach raibh. Dúirt 40% díobh go raibh. Ceithre bliana níos déanaí, i gCéim 4, chuireamar an cheist chéanna arís agus fuaireamar go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar an bhfigiúr seo a sheasann ag 89% anois. Ar an dul céanna, tá méadú ó 60% go 82% tagtha ar líon na leanaí le rochtain ar an Idirlíon.

Cuireadh sonraí suimiúla ar fáil faoi amanna freagartha freisin, mar a léirítear sa ghraf thíos.

Chreid 64% de na daltaí go leanfaidís ar aghaidh le hoideachas i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil, le 29% ag cur in iúl gurbh fhearr leo dul díreach ón scoil go dtí an Ollscoil. Is cosúil go bhfuil spéis níos mó ag cailíní i mbreisoideachas ná mar atá ag buachaillí: tá fonn níos mó orthu dul ag obair, de réir dealraimh. As na 17,000 dalta, dúirt 89 go sonrach gur theastaigh uathu a bheith mar 'imreoirí sacair', dúirt 4 gur theastaigh uathu 'a bheith pósta' agus i measc na n-uaillmhianta eile a luadh bhí 'obair le deilfeanna', 'banc a robáil' agus 'teach tábhairne a bhainistiú'!

Is iad R&B agus Popcheol na cineálacha ceoil is fearr le daltaí, le Rac-cheol sa tríú háit. Is é ceol clasaiceach an ceol a bhfuil an spéis is lú acu ann. Is fearr le leanaí scéalta Eachtraíochta agus Uafáis a léamh ná leabhair Fhíriciúla, cé go bhfuil scéalta faoin bhFíorshaol sa tríú háit.

Trí rannpháirteachas na leanaí a spreagadh agus a dtuairimí a iarraidh, gintear spéis. Uaireanta tá a ndearcthaí agus a dtuairimí an-éagsúil ó dhearcthaí daoine fásta. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine fásta cén institiúid as ocht n-institiúid a dhéarfadh leanaí go raibh an muinín is mó acu aisti, dúirt na daoine fásta go ndéarfaidís 'teilifís' i gcónaí. Dúirt na leanaí go bhfuil an muinín is mó acu as na 'póilíní' áfach, le 'teilifís' sa dara háit. Is é an 'preas' an institiúid a bhfuil an muinín is lú acu aisti. Rud atá suimiúil ná go bhfuil difríochtaí idir na hinscní; de réir dealraimh tá níos mó muiníne ag cailíní ná buachaillí. Is cúis imní é, áfach, gur cosúil go bhfuil laghdú drámata tagtha ar mhuinín i measc leanaí idir 11 agus 14 bliana d'aois, go háirithe i ndáil leis an muinín atá acu as na póilíní agus institiúidí reiligiúnacha.

Bímid ag obair ar na sonraí i gcónaí chun faisnéis úsáideach a chur ar fáil. Trí fhíor-shonraí a úsáid, cuirtear ar chumas daltaí na fadhbanna a thuiscint agus teastaíonn uathu teacht ar réiteach. Tá roinnt taifead a fuarthas i gCéim 4 'suimiúil'. Tá roinnt daltaí 210cm in airde le méid coise de 9cm? Teastaíonn ó roinnt eile 'dada' a dhéanamh nuair a fhágfaidh siad an scoil, seinneann siad an phíb mhór, agus tá amanna freagartha an-mhall acu! Is annamh a chuirtear sonraí mar seo sna bunachair shonraí deiridh. Úsáidtear sonraí neamhiontaofa mar seo dár n-acmhainní curaclaim, áfach, chun leanaí a spreagadh chun earráidí i sonraí a aithint. Toisc go mbailíonn siad a sonraí féin, féadann siad teacht ar chúiseanna bailí leis na sonraí neamhiontaofa agus cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi ar fearr déileáil leo. Cabhraíonn sé seo le leanaí tuiscint a fháil ar conas ba chóir déileáil le staitisticí a thuairiscítear sna meáin chumarsáide nó a fhaightear san ionad oibre.

Tá graif agus píosaí sonraí breise ó Chéim 4 ar fáil ar fud an láithreáin.

Anseo thíos tá dhá shampla randamacha sheasta de na sonraí le 100 taifead an ceann.


Féadann tú teacht ar shamplaí ón tacar sonraí iomlán trí mheán leathanach an roghnóra sonraí randamacha freisin.
 

Sponsors

Meirge
Meirge
Meirge
Meirge

Valid XHTML 1.0 Strict Valid CSS!