| Roghnóra Sonraí Randamacha |
|
|
|
|
Ag cuardach sonraí ó thíortha eile chun iad a chur i gcomparáid le do shonraí féin? Tugann Roghnóir Sonraí Randamacha CensusAtSchool, is áis ghréasáin é, rochtain ar ár mbunachair shonraí CensusAtSchool uile. Féadann tú samplaí randamacha a thógáil de na sonraí amha a bailíodh ó CensusAtSchool sa RA, i gCeanada, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus san Afraic Theas. Féadann tú sonraí a roghnú ó na sonraí uile nó féadann tú freagraí a thagann ó réigiún ar leith nó a bhaineann le haois nó inscne ar leith, a roghnú ag brath ar an mbunachar sonraí a roghnaíonn tú. Ceadaítear méideanna samplaí suas le 200 sa RA, i gCeanada, sa Nua-Shéalainn agus san Astráil agus suas le 500 ó bhunachar sonraí na hAfraice Theas. Féadann tú na samplaí de shonraí a úsáid sa seomra ranga chun níos mó a fhoghlaim faoi staitisticí agus láimhseáil sonraí. Seans go mbeidh bileoga códaithe ag teastáil chun roinnt de na tacair shonraí níos luaithe a thuiscint, agus tá leathanach ar ar féidir leat féachaint ar na ceistneoirí uile freisin. Leis an Roghnóir Sonraí Randamacha CensusAtSchool, féadtar rochtain a fháil ar an mBunachar Sonraí Idirnáisiúnta ina bhfuil sonraí ó leanaí ar fud an domhain a ghlac páirt i CensusAtSchool. Is féidir na sonraí seo a úsáid i do sheomra ranga nó i dtionscadail do dhaltaí. Cliceáil anseo chun teacht ar an Roghnóir Sonraí Randamacha |






