| DataTool |
|
|
|
|
Dearadh an uirlis Ceistiúcháin Bunachair Shonraí nó an 'DataTool' chun rochtain éasca, thapa a thabhairt ar an méid mór sonraí a bhailigh na tionscadail AtSchool cosúil le CensusAtSchool agus Experiments AtSchool. Oibríonn an uirlis laistigh de bhrabhsálaí gréasáin cosúil le Internet Explorer agus tá nasc beo leis an idirlíon ag teastáil chun gur féidir sonraí a iarraidh agus a sheoladh ó na bunachair shonraí AtSchool. Éascaíonn an DataTool nua idirghníomhú fíor-ama le sonraí CensusAtSchool agus ionramháil fíor-ama na sonraí sin, a thagann ó na céimeanna críochnaithe uile sa RA agus go hidirnáisiúnta. Is modh tapa, éasca, inrochtana é seo chun graif lánbhrí a chruthú, agus tá acmhainní eile ar fáil ar an leathanach seo a chabhróidh leat úsáid a bhaint as. Beidh Flash ag teastáil don uirlis idirghníomhach seo. |






