| Conas a úsáidtear an RDS |
|
|
|
|
Tugann Roghnóir Sonraí Randamacha CensusAtSchool, is áis ghréasáin é, rochtain ar ár mbunachair shonraí CensusAtSchool uile. Féadann tú samplaí randamacha a thógáil de na sonraí amha a bhailigh CensusAtSchool sa RA, i gCeanada, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus san Afraic Theas. Féadann tú sonraí a roghnú ó na sonraí uile nó féadann tú freagraí a thagann ó réigiún ar leith nó a bhaineann le haois nó inscne ar leith a roghnú ag brath ar an mbunachar sonraí a roghnaíonn tú. Ceadaítear méideanna samplaí suas le 200 sa RA, i gCeanada, sa Nua-Shéalainn agus san Astráil agus suas le 500 ó bhunachar sonraí na hAfraice Theas. Féadann tú na samplaí de shonraí a úsáid sa seomra ranga chun níos mó a fhoghlaim faoi staitisticí agus láimhseáil sonraí. Seans go mbeidh bileoga códaithe ag teastáil chun roinnt de na tacair shonraí níos luaithe a thuiscint, agus tá leathanach ar ar féidir leat féachaint ar na ceistneoirí uile freisin. |






